zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
24 June 2026
Sally Ní Dhuibhir agus Deirdre Learmont atá ag obair ar an chlár teilifíse Opry le Daniel.
Tá an clár ceoil tíre “Opry le Daniel” i measc na gcláracha teilifíse is mó a bhfuill tóir air ar TG4 le blianta anuas agus beidh Opry le Daniel ar ais sa Millennium Forum i nDoire ar an 30ú Meitheamh go dtí an dara lá d’Iúil.
12 min
24 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
24 June 2026
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh ón Pháirtí Cúitimh 100%.
Chuir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward rún os comhair na Dála ar maidin inniu maidir leis an chaighdeán úr IS465 le measúnú a dhéanamh ar thithe le brící lochtacha a foilsíodh le gairid.
7 min
24 June 2026
Nóra Ní Fhlanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bád Tarrthála Oileán Árainn Mhór.
Comhairle do dhaoine atá ag smaoineamh ar dhul chun na farraige le linn an aimsir mhaith, caithfear i gcónaí a bheith cúramach san uisce.
6 min
24 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Le Corn an Domhain faoi lán seoil chuaigh muid siar go dtí an bhliain 1990 nuair a d’imir foireann sacar na hÉireann sa chomórtas den chéad uair riamh Ba é Packie Bonner a bhí sna cúil d’fhoireann na hÉireann agus labhair Pádraig Ó Cnáimhsí agus Naul Mac Comhaill le Conall Ó Dubhthaigh faoi Phackie ag an am.
7 min
24 June 2026
Sagart Paróiste Ghort a’Choirce, an tAthair Donnchadh Ó Baoill agus Oifigeach Ealaíona Chomhairle Contae Dhún na nGall, Traolach Ó Fionnáin.
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta san fheachtas “An tAmhrán is Ansa Linn” ar an chlár an Cóisir Cheoil.
2 min
24 June 2026
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu faoi rabhadh atá a thabhairt ag an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí (Children’s Rights Alliance) go bhfuil páistí i mbaol ó roinnt de na forbairtí is déanaí in intleacht shaorga agus faoi Amazon Prime Day’s.
7 min
23 June 2026
An Garda Bríd Ní Chanainn ó Stáisiún Bhealach Féich.
Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann ag an deireadh seachtaine agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl sa chontae seo. Tharla cuid mhór eachtraí agus bhí deireadh seachtaine gnóthach ag na Gardaí.
5 min
23 June 2026
Donna Ní Ghallachóir, Oifigeach Forbartha Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille.
Beidh oíche oscailte ag scéim Chéad Fhreagróirí Ghleann Cholm Cille ón 7-9 a chlog anocht i Seanscoil na Carraige.
4 min
23 June 2026
An Dr. Pól Deeds, Coimisinéir Gaeilge na Sé Chontae.
Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.
10 min